Littéralement « ta tête
Ridire na cleasa 1.
Ann sant-sean-aimsir, bhi duine-uasal ann. Ni raibh acht aon mhac amhäin aige, agus nuair d’ fàs ant Ogänach suas, chuaidh ant athair ag toruigheacht mnä dhô. Thäinig sé go teach feilméara a raibh inghean le posadh aige, agus d'iarr sé air an bhfeilméar a inghean do thabhairt d'a mhac mar chéile. Dubhairt an feilméar leis nach dtiubhradh sé a inghean do fear air bith acht d’fear-ceirde. Bhi mac an dhuine uasail i ngrädh le hinghin an feilméara agus dubhairt sé le n-a athair : Caithfidh mé ceird foghlaim, agus fanfaidh inghean an feilméara liom. »
An là air na mhärach, d'imthigh ant athair agus an mac, agus bhidheadar ag siubhal, go dtängadar go bruach na fairrge. Chonnaire siad fear air luing, d’ fiafruigh sé dhiobh creud do bhi siad ag toruigheacht : — « Tà mé toruigheacht fir a mhuinfeadh céird do m° mhac, » ar sant athair. — « Mi leigfidh tu liomsa é, » ar san Ridire, « müinfidh mise céird do, agus bhéarfaidh mé aris duit é, faoi ceann là agus bliadhain. » — « Tim sästa, » ar sant athair. Do thug an Ridire Cormac (b’ é sin ainm mhic an duine uasail) air bord luinge. Thog sé an crann seoil agus chuir amach go fairrge.
Budh fear-draoigheachta an Ridire, agus nuair chuaidh sé tamall amach, do bhuail sé buille de ’nt-slaitin-draoigheachta air Chormac, agus rinne poc gabhair dé. Rug sé leis é go dtängadar chum oileäin air an bhfairrge. Bhi teach breägh ag an Ridire air an oileàn. Bhi dà bhuachaill deug eile air teurma ag an Ridire. Chuaidh Cormac air aghaidh go maith, go raibh an bhliadhain criochnuighthe agus bhi cuid mhaith draoigheachta foghlamtha aige. Thug an Ridire Cormaec leis air an luing, go